Leabhair atá sa bhailiúchán
seo faoi Pádraic Colum nó scriofa ag Pádraic Colum - file cáiliúil Éireannach,
drámadóir, úrscéalaí, údar scríbhneoireachta do pháistí agus béaloideasaí.
Tá réimse leathan d'ábhair sa bhailiúchán. An eol duit, mar shampla,
gur chuir Colum go leor bailiúchán de mhiotaseolaíocht na Polainéise,
le chéile. Is fiú breathnú ar thrí imleabhar speisiúil - Tales and
Legends of Hawaii.
Aiste Ghaolmhar:
Padraic Colum, le Brendan Leen.
¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯¯
"I printed poets, sad, silly and
solemn: I printed Patrick What-do-you-Colm."
James
Joyce, Gas from a Burner
"Is cinnte nár chruthaigh Colum chomh
maith is a bhí daoine ag súil leis ina óige ach ní féidir a shéanadh
ach oiread gur féidir é a áireamh ar cheann de na daoine a mhúnlaigh
an drámaíocht in Éirinn - go háirithe le The Land, The Fiddler's House
and Thomas Muskerry. Bhí sé leis ar cheann de phríomh-dhamadoirí a
linne."
Andrew Malone, The Irish Drama Bhí athair
Pádraic Colum ina mháistir ar theach na mBocht i Longfort. Is ann a
rugadh Pádraic ar 8ú Nollaig 1881 - file, úrscéalaí, bailitheoir béaloideasa.
Susan a bhí ar a mháthair.
Chaith sé na blianta tosaigh sa Longfort agus sa Chabhán go ndeachaigh
an chlann go Sandycove i mBaile Átha Claith mar a raibh a athair i gceannas
ar an stáisiún traenach. D'fhreastail sé ar bhunscoil Glas Tuathail
agus ag aois 17 mbliain, tar éis ocht mbliain de scolaíocht fhoirmeálta
d'eirigh leis sa scrudú do chléireach san "Irish Railway Clearing House".
Is ag an am seo a thosaigh sé ag scríobh filíochta agus drámaí cé go
mbíodh lá oibre naoi n-uair a chloig aige, sé lá na seachtaine
Ag aois dhá bhliain agus fiche fuair sé scoláireacht cúig bhliain ó
Thomas Kelly, pátrún saibhir Meiriceánach, do thréimhse staidéir agus
scríbhneoireachta i UCD. Foilsíodh roinnt dá dhánta tosaigh i nuachtán
Arthur Griffith The United Irishman. Fuair The Poor Scholar,
ardmholadh agus chuir W.B Yeats spéis faoi leith ann.
Sa bhliain 1902 bhuaigh dráma leis The Saxon Shillin duais
Chumann na nGaedhael - dráma a bhí mar bholscaireacht in aghaidh saighdiúirí
Éireannacha ag liostáil in Arm Shasana. Chuir Colum aithne ar na dearthaireacha
Fay, William agus Frank, nuair a léiríodh The Saxon Shillin
agus tugadh cuireadh dó a bheith páirteach sa Chumann Náisiúnta Amharclainne.
Bhí sé ar cheann de shínitheoirí bhunaidh do Amharclann na Mainistreach
agus scríobh se trí cinn des na drámaí tosaigh a léiríodh inti. The
Land(1905), The Fiddlers House(1907) agus Thomas Muskerry
(1910). Cuireadh na mílte fáilte roimh an chéad dá dhráma mar léiriú
ar réalachas nua sa drámaíocht Éireannach. Dúirt léirmheas amháin ar
The Land:
"Cé nach nós dul chuig an amharclann
an tráth seo bliana bhí lucht féachana díograiseach i láthair aréir
le breathnú ar léiriú de chuid An Cumann Náisiúnta Drámaíochta. Is
sa dráma "The Land" is mó go raibh an spéis. Teideal uailmhianach
cinnte ach is ar éigin go bhféadfaí teacht ar aon theideal eile. Tá
tionchar na talún le brath ar chuile rud a bhain leis an dráma - agus
tá na haisteoirí mar an gcéanna - pé grá nó gráin don talamh a bhí
i gceist. Thar rud ar bith eile, tá ar chumas shaothar Colum daoine
aonracha a chruthú. Tá canúint Colum le moladh. Tá beocht inti, thar
aon rud eile. Tá idir téagar, éagsúlacht agus grinne ag baint léi
- go fiú liriciúil. Tá forfeacht fhoirmeálta chaidéiseach ag baint
leis an ndráma. Coinníonn sé go h-iomlán an aontacht ama - tarlaíonn
chuile short taobh istigh de dhá uair an chloig. Is ar éigin go bhfuil
aon dráma eile a léiríodh in Amharclann na Mainistreach a chuaigh
i gcionn chomh mór ar an lucht féachana. Ba mhinic cheana níos mó
de lucht féachana ach ní fhaca mé riamh dream a bhí chomh díograiseach."
Ar an dtaobh eile den scéal, cheap na léirmheastoirí
go raibh barraíocht gruamachta ag baint le Thomas Muskerry.
Is ar éigin gur chuir Colum sárobair den scoth ar fáil ina dhiaidh sin,
ach ba leor na drámaí tosaigh le genre réalaíoch de dhrámaí tíre a bhuanú
- a bhí mar stór suntasach de chuid Amharchlann na Mainistreach. Dhiúltaigh
Amharclann na Mainistreach níos déanaí do The Saxon Shillin
- ar bhonn gur bholscaireacht frith-earcaiochta a bhí ann - cinneadh
faoi dear do Arthur Griffith agus Maude Gonne éirí as an Amharclann
Náisiúnta.